Labhraíomar le tuismitheoirí chun aon cheisteanna a bhí acu faoi vacsaíní do leanaí a fháil amach. Tá freagraí ar na ceisteanna sin le fáil ar an leathanach seo.
Vacsaíní
Cén fáth a bhfuil gá le vacsaíní?
Tugann vacsaíní cosaint ar ghalair, galair a mharaíodh nó a dhéanadh dochar do go leor naíonán, leanaí agus daoine fásta tráth. Tá na galair dhíobhálacha seo neamhchoitianta na laethanta seo a bhuí le vacsaíní a úsáid go forleathan. Ach, mura dtugann daoine vacsaíní dá leanaí, scaipfidh na galair seo go forleathan arís. Tá leanaí áirithe ann nach féidir leo glacadh le vacsaíní ar chúiseanna sláinte. Tá na leanaí seo i mbaol ó ghalair thromchúiseacha mura dtugann tuismitheoirí eile vacsaíní dá leanaí féin. Tugann vacsaíní cosaint do do leanbh féin chomh maith le cosaint do na leanaí is leochailí sa phobal.
Conas a oibríonn vacsaíní?
Tá roinnt bheag gan dochar den víreas nó de na baictéir atá ina chúis le galar áirithe le fáil istigh i vacsaín. Nuair a fhaigheann do leanbh vacsaín, táirgeann a chorp antasubstaintí in aghaidh an víris nó na mbaictéar. Má thagann do leanbh i dteagmháil leis an víreas nó leis na baictéir sin arís ní éireoidh sé/sí breoite toisc go bhfuil antasubstaintí aige/aici cheana chun dul i ngleic leis Tá imdhíonacht ag do leanbh ar an ngalar sin.
An bhfuil vacsaíní sábháilte?
Tá vacsaíní an-sábháilte. Déantar tástáil chuimsitheach ar vacsaíní sula dtugtar cead iad a úsáid. Faigheann na milliúin leanbh ar fud na cruinne vacsaíní go sábháilte gach bliain. Ní dhéanann an méid víris nó baictéar atá istigh i vacsaín aon dochar in aon chor.
D’fhéadfadh fo-iarmhairtí beaga a bheith ann amhail at san áit inar tugadh an t-instealladh nó fiabhras beag
Is iomaí miotas, ráfla agus scéal sceimhle gan bhunús atá ag baint le vacsaíní. Cliceáil anseo chun breis eolais a fháil faoi conas tú féin agus daoine eile a chosaint ar bhréageolas.
Cén fáth a bhfuil an oiread sin vacsaíní ann do naíonáin agus do leanaí óga.
Tá baol ann do naíonáin agus do leanaí óga ó ghalair. D’fhéadfaidís galair a tholgadh ó bhaill den teaghlach nó ó dhlúth-theagmhálaithe eile. Baineann baol báis le cuid de na galair seo. Leagadh amach an sceideal vacsaíne chun cosaint a thabhairt do naíonáin agus do leanaí óga sula dtagann siad i dteagmháil le galair a mbaineann baol báis leo. Tugtar vacsaíní áirithe do do leanbh níos mó ná uair amháin i gcomhréir leis an sceideal chun a chinntiú go bhfuil cosaint iomlán faighte aige/aici. Beidh cosaint ag do leanbh nuair a bheidh sé de dhíth air/uirthi má tá vacsaíní faighte aige/aici cheana i gcomhréir leis an sceideal.
Ar cheart dom cuid de na vacsaíní a chur ar athlá nó ar ceal?
Bíonn daoine áirithe buartha nuair a fhaigheann a leanbh a lán vacsaíní san aon iarracht. Tá sé dearbhaithe ag saineolaithe leighis go bhfuil sé sábháilte a lán vacsaíní a fháil san aon iarracht. Níl aon bhuntáistí ag baint le vacsaíní a chur ar athlá nó ar ceal ach tá baol ann, áfach. Má chuireann tú vacsaíní ar athlá nó ar ceal, ní bheidh cosaint ag do leanbh nuair a bheith sé de dhíth air/uirthi.
An bhfuil rogha eile ann in ionad vacsaíní?
Níl aon rogha éifeachtach eile ann in ionad vacsaíní chun cosaint a thabhairt ar na víris agus ar na baictéir atá ina chúis le galair inchoiscthe trí vacsaíniú. Cloistear daoine áirithe ag caint faoi “imdhíonacht nádúrtha” agus faoi “bhorradh a chur faoin gcóras imdhíonta”, ach níl aon rogha eile ann in ionad na mbuntáistí a bhaineann le vacsaíní.
Vacsaíní a fháil
Conas a chuirtear vacsaíní ar fáil in Éirinn?
Tugtar vacsaíní do leanaí saor in aisce i gclinicí dochtúirí teaghlaigh, in ospidéil, i gclinicí sláinte agus i scoileanna. Braithfidh an suíomh ar aois do linbh agus ar do chás. Beidh ar do leanbh vacsaíní a fháil cúig huaire idir 2 mhí d’aois agus 13 mhí d’aois. Faightear na vacsaíní seo ó dhochtúirí teaghlaigh de ghnáth.
Íoslódáil & priontáil ár gcairt vacsaínithe atá éasca le húsáid do thuismitheoirí
Míníonn ár gcairt atá deartha go speisialta agus atá éasca le húsáid do thuismitheoirí cathain atá vacsaínithe dlite in Éirinn. Is féidir leat ár gcairt imdhíonta SAOR IN AISCE 'Tá Riachtanais Gach Páiste 5' a íoslódáil agus a phriontáil do thuismitheoirí - molaimid fiú é a chur in áit áisiúil, mar chuisneoir.
Conas is féidir liom mo pháiste a ullmhú roimh vacsaíniú?
Bain triail as na noda seo a leanas chun do leanbh a ullmhú roimh an gcuairt vacsaíne:
- Bí cinnte go bhfanann tú socair suaimhneach nuair a labhraíonn tú faoin gcuairt vacsaíne.
- Mínigh go dtugann vacsaíní “cosaint duit ar éirí tinn” agus “cúnamh duit le fanacht sláintiúil.”
- Mínigh gur féidir na hinstealltaí vacsaíne a bhrath mar a bheadh “fáscadh” nó “brú” ann, ach go mbeidh sé thart i bhfaiteadh na súl. Seachain focail a chuirfeadh eagla ar do leanbh amhail “pian”, “snáthaid”, nó “priocadh”.
- Mínigh go soiléir do do leanbh go ndéanann vacsaíní maitheas don tsláinte. Ná bí ag insint scéalta scanrúla nó ag bagairt “priocadh” nó “snáthaidí” mar phionós air/uirthi as bheith dána.
Bain triail as na noda seo a leanas chun do leanbh a chur ar a c(h)ompord le linn na cuairte vacsaíne:
- Coimeád do leanbh ar do ghlúin chun go mbraithfidh sé/sí slán. Féach go gealgháireach ar do leanbh.
- Meabhraigh do do leanbh go dtugann vacsaíní “cosaint duit ar éirí tinn” agus “cúnamh duit le fanacht sláintiúil.”
- Labhair go séimh le naíonáin agus le leanaí óga, abair amhrán nó tabhair barróg dóibh chun aird a bhaint de na vacsaíní. Tabhair leat an bréagán nó an blaincéad is ansa le do leanbh chun sólás a thabhairt dó/di.
- Inis scéal do leanaí níos sine nó taispeáin rudaí suimiúla sa seomra dóibh chun aird a bhaint de na vacsaíní.
- Tabhair tacaíocht do do leanbh má thosaíonn sé/sí ag gol. Ná bí crosta le do leanbh as “gan a bheith cróga”.
Eolas breise
- Cliceáil anseo chun an leabhrán de chuid FSS ‘Imdhíonadh do linbh: Treoir do thuismitheoirí’ a íoslódáil.
- Cliceáil anseo chun freagraí a léamh ar liosta cuimsitheach ceisteanna faoi sceideal imdhíonta óige FSS.
- Cliceáil anseo chun liosta de chomhábhair vacsaíne a fháil. Cuimhnigh air seo: tá tástáil chuimsitheach déanta ar na vacsaíní go léir sula dtugtar cead iad a úsáid.
Foslódáil an leathanach seo i bhformáid pdf