Treoir do thuismitheoirí: vacsaíní do leanaí

English

Gaeilge

Português

Românește

Polski

Lietuvių

Labhraíomar le tuismitheoirí chun aon cheisteanna a bhí acu faoi vacsaíní do leanaí a fháil amach. Tá freagraí ar na ceisteanna sin le fáil ar an leathanach seo.

Vacsaíní

Cén fáth a bhfuil gá le vacsaíní?

Tugann vacsaíní cosaint ar ghalair, galair a mharaíodh nó a dhéanadh dochar do go leor naíonán, leanaí agus daoine fásta tráth. Tá na galair dhíobhálacha seo neamhchoitianta na laethanta seo a bhuí le vacsaíní a úsáid go forleathan. Ach, mura dtugann daoine vacsaíní dá leanaí, scaipfidh na galair seo go forleathan arís. Tá leanaí áirithe ann nach féidir leo glacadh le vacsaíní ar chúiseanna sláinte. Tá na leanaí seo i mbaol ó ghalair thromchúiseacha mura dtugann tuismitheoirí eile vacsaíní dá leanaí féin. Tugann vacsaíní cosaint do do leanbh féin chomh maith le cosaint do na leanaí is leochailí sa phobal.

Conas a oibríonn vacsaíní?

Tá roinnt bheag gan dochar den víreas nó de na baictéir atá ina chúis le galar áirithe le fáil istigh i vacsaín. Nuair a fhaigheann do leanbh vacsaín, táirgeann a chorp antasubstaintí in aghaidh an víris nó na mbaictéar. Má thagann do leanbh i dteagmháil leis an víreas nó leis na baictéir sin arís ní éireoidh sé/sí breoite toisc go bhfuil antasubstaintí aige/aici cheana chun dul i ngleic leis Tá imdhíonacht ag do leanbh ar an ngalar sin.

An bhfuil vacsaíní sábháilte?

Tá vacsaíní an-sábháilte. Déantar tástáil chuimsitheach ar vacsaíní sula dtugtar cead iad a úsáid. Faigheann na milliúin leanbh ar fud na cruinne vacsaíní go sábháilte gach bliain. Ní dhéanann an méid víris nó baictéar atá istigh i vacsaín aon dochar in aon chor.

D’fhéadfadh fo-iarmhairtí beaga a bheith ann amhail at san áit inar tugadh an t-instealladh nó fiabhras beag

Is iomaí miotas, ráfla agus scéal sceimhle gan bhunús atá ag baint le vacsaíní. Cliceáil anseo chun breis eolais a fháil faoi conas tú féin agus daoine eile a chosaint ar bhréageolas.

Cén fáth a bhfuil an oiread sin vacsaíní ann do naíonáin agus do leanaí óga.

Tá baol ann do naíonáin agus do leanaí óga ó ghalair. D’fhéadfaidís galair a tholgadh ó bhaill den teaghlach nó ó dhlúth-theagmhálaithe eile. Baineann baol báis le cuid de na galair seo. Leagadh amach an sceideal vacsaíne chun cosaint a thabhairt do naíonáin agus do leanaí óga sula dtagann siad i dteagmháil le galair a mbaineann baol báis leo. Tugtar vacsaíní áirithe do do leanbh níos mó ná uair amháin i gcomhréir leis an sceideal chun a chinntiú go bhfuil cosaint iomlán faighte aige/aici. Beidh cosaint ag do leanbh nuair a bheidh sé de dhíth air/uirthi má tá vacsaíní faighte aige/aici cheana i gcomhréir leis an sceideal.

Ar cheart dom cuid de na vacsaíní a chur ar athlá nó ar ceal?

Bíonn daoine áirithe buartha nuair a fhaigheann a leanbh a lán vacsaíní san aon iarracht. Tá sé dearbhaithe ag saineolaithe leighis go bhfuil sé sábháilte a lán vacsaíní a fháil san aon iarracht. Níl aon bhuntáistí ag baint le vacsaíní a chur ar athlá nó ar ceal ach tá baol ann, áfach. Má chuireann tú vacsaíní ar athlá nó ar ceal, ní bheidh cosaint ag do leanbh nuair a bheith sé de dhíth air/uirthi.

An bhfuil rogha eile ann in ionad vacsaíní?

Níl aon rogha éifeachtach eile ann in ionad vacsaíní chun cosaint a thabhairt ar na víris agus ar na baictéir atá ina chúis le galair inchoiscthe trí vacsaíniú. Cloistear daoine áirithe ag caint faoi “imdhíonacht nádúrtha” agus faoi “bhorradh a chur faoin gcóras imdhíonta”, ach níl aon rogha eile ann in ionad na mbuntáistí a bhaineann le vacsaíní.

Vacsaíní a fháil

Conas a chuirtear vacsaíní ar fáil in Éirinn?

Tugtar vacsaíní do leanaí saor in aisce i gclinicí dochtúirí teaghlaigh, in ospidéil, i gclinicí sláinte agus i scoileanna. Braithfidh an suíomh ar aois do linbh agus ar do chás. Beidh ar do leanbh vacsaíní a fháil cúig huaire idir 2 mhí d’aois agus 13 mhí d’aois. Faightear na vacsaíní seo ó dhochtúirí teaghlaigh de ghnáth.

Íoslódáil & priontáil ár gcairt vacsaínithe atá éasca le húsáid do thuismitheoirí

Míníonn ár gcairt atá deartha go speisialta agus atá éasca le húsáid do thuismitheoirí cathain atá vacsaínithe dlite in Éirinn. Is féidir leat ár gcairt imdhíonta SAOR IN AISCE 'Tá Riachtanais Gach Páiste 5' a íoslódáil agus a phriontáil do thuismitheoirí - molaimid fiú é a chur in áit áisiúil, mar chuisneoir.


Conas is féidir liom mo pháiste a ullmhú roimh vacsaíniú?

Bain triail as na noda seo a leanas chun do leanbh a ullmhú roimh an gcuairt vacsaíne:

Bain triail as na noda seo a leanas chun do leanbh a chur ar a c(h)ompord le linn na cuairte vacsaíne:



Eolas breise

  1. Cliceáil anseo chun an leabhrán de chuid FSS ‘Imdhíonadh do linbh: Treoir do thuismitheoirí’ a íoslódáil.
  2. Cliceáil anseo chun freagraí a léamh ar liosta cuimsitheach ceisteanna faoi sceideal imdhíonta óige FSS.
  3. Cliceáil anseo chun liosta de chomhábhair vacsaíne a fháil. Cuimhnigh air seo: tá tástáil chuimsitheach déanta ar na vacsaíní go léir sula dtugtar cead iad a úsáid.

Foslódáil an leathanach seo i bhformáid pdf

Ciallaíonn imdhíonacht cosaint ar ghalar thógálach. Ciallaíonn sé sin nach dtolgfaidh tú galar má thagann tú i dteagmháil leis.

Ciallaíonn imdhíonadh an próiseas a thugann cabhair do do chorp chun imdhíonacht ar ghalair áirithe a fháil. Cuirtear imdhíonacht ar fáil trí vacsaínithe.

Ciallaíonn vacsaín ullmhóid a spreagann córas imdhíonachta an choirp chun substaintí cosanta ar ghalar ar leith a dhéanamh.

Ciallaíonn vacsaíniú vacsaín a chur isteach sa chorp (le snáthaid de ghnáth).

Leagtar amach i sceideal vacsaíne an t-am ceart chun vacsaíní éagsúla a thabhairt do leanaí. Deimhníonn leagan amach an sceidil seo go mbíonn cosaint faighte ag leanaí nuair a bhíonn sé de dhíth orthu. Tugtar an sceideal imdhíonta air seo chomh maith.

Galair thógálacha is ea galair inchoiscthe trí vacsaíniú, víris agus baictéir is cúis leo ach is féidir iad a chosc trí vacsaíní a fháil. Is ann do na galair inchoiscthe trí vacsaíniú seo leis na mílte bliain. Chailltí go leor leanaí agus daoine fásta nó d’éirítí go dona tinn iad de bharr na ngalar seo san am atá thart sula raibh fáil ar vacsaíní.

Sceideal PríomhImdhíonta do Leanaí

 

Related

 
This website uses cookies to ensure you get the best experience. The majority of the cookies used on the About Vaccines website are associated with analytics, collecting information about how visitors use our site. The cookies collect information in an anonymous form that does not identify an individual. Learn more
Current status: AcceptedDeclinedNot yet accepted